Сундъёс кырӟан
Перейти к навигации
Перейти к поиску
- 1
- Seo díbh a chairde duan óglaigh,
- Caithréimeach bríomhar ceolmhar,
- Ár dtinte cnámh go buacach táid,
- 'S an spéir go mín réaltógach
- Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
- 'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló
- Faoi chiúnas chaomh na hoíche ar seol:
- Seo libh canaigí Amhrán na bhFiann.
- Curfá
-
- Sinne Fianna Fáil
- Atá faoi gheall ag Éirinn,
- Buíon dár slua
- Thar toinn do ráinig chugainn.
- Faoi mhóid bheith saor,
- Seantír ár sinsir feasta
- Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráil
- Anocht a théim sa bhearna baoil,
- Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil
- Le gunnascréach faoi lámhach na bpiléar
- Seo libh canaigí Amhrán na bhFiann.
- 2
- Cois bánta réidh, ar arda sléibhe,
- Ba bhuach ár sinsir romhainn,
- Ag lámhach go tréan faoin sárbhrat séin
- Tá thuas sa ghaoth go seolta
- Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh
- Gan iompáil siar ó imirt áir,
- 'S ag siúl mar iad i gcoinne namhad
- Seo libh, canaigí Amhrán na bhFiann.
- 3
- A bhuíon nach fann d'fhuil Ghaeil is Gall,
- Sin breacadh lae na saoirse,
- Ta sceimhle 's scanradh i gcroithe namhad,
- Roimh ranna laochra ár dtíre.
- Ár dtinte is tréith gan spréach anois,
- Sin luisne ghlé san spéir anoir,
- 'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh:
- Seo libh, canaigí Amhrán na bhFiann.